Barrscéalta-logo

Barrscéalta

RTE Ireland

Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.

Location:

Derrybeg, Ireland

Networks:

RTE Ireland

Description:

Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.

Twitter:

@RTERnaG

Language:

Irish

Contact:

Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244


Episodes
Ask host to enable sharing for playback control

Seán Ó Baoill ball de Chlub Rothaíochta Chú Uladh sa Ghaeltacht lár.

5/13/2025
Seo an Seachtain Náisiúnta Rothaíochta agus tá tuairisc seolta ag Red Click, ag rá go bhfuil imní ar leath na ndaoine fásta sa tír seo a dhul a rothaíocht mar go bhfuil imní orthu faoi chúrsaí sábhailteachta ar na bóithre, cén tuairim atá ag Sean Ó Baoill?

Duration:00:05:17

Ask host to enable sharing for playback control

Príomhoide Scoil Taobhóige Gwendoline Furey.

5/13/2025
Tá triúr dalta as Scoil Taobhóige, An Clochán sa Ghaeltacht lár i gcoimhlint sa chomórtas IQ Róbataice i gComórtas Domhanda Róbataice, an VEX i Dallas Mheiriceá an tseachtain, áir a mbeidh sé chluiche le himirt acu inniu lena róbat Jeremiah.

Duration:00:06:46

Ask host to enable sharing for playback control

An Sáirsint John Joe Mac Laifeartaigh ó Stáisiúin Gardaí An Bhun Bhig.

5/13/2025
Mír rialta le ball den Gharda Síochána sa chontae le heolas agus Comhairle don phobal agus cur síos ar eachtraí faoi léith a tharla sa chontae le seachtain.

Duration:00:08:38

Ask host to enable sharing for playback control

An Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh agus Róise Ní Laifeartaigh ó Grúpa Gníomhaíochta na mBrící Lochtacha.

5/13/2025
Ag plé cuairt an Aire Tithíochta James Browne go Dún na nGall inné áit ar chas sé le toscaireacht ó Ghrúpa Gníomhaíochta na mBrící Lochtacha le linn a chuairte.

Duration:00:12:12

Ask host to enable sharing for playback control

An t-aisteoir aitheanta Brídín Ní Mhaoldomhnaigh as Srath Máirtín, Na Doirí Beaga ó dhuchas.

5/13/2025
Tráthnóna amárach in Amharclann Ghaoth Dobhair beidh Brídín ar an stáitse agus í i mbun an dráma Dathanna Geala Amháin, cur síos ar an drama ar an dóigh a chur sí súim san aisteoireacht ó thus.

Duration:00:14:20

Ask host to enable sharing for playback control

Maighréad Uí Annluain ó Sheomra na Nuachta.

5/13/2025
Le scéalta móra an lae ón taobh seo tíre.

Duration:00:04:51

Ask host to enable sharing for playback control

Barrscealta - Clár iomlán - 13/05/2025.

5/13/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Damien Ó Dónaill.

Duration:00:56:08

Ask host to enable sharing for playback control

Mír Spóirt.

5/12/2025
Mír faoi chluiche ceannais sinsear na bhfear Chuige Uladh a bhí ar siúl tráthnóna Dé Sathairn le píosa tráchtaireachta ar an chluiche le Damien Ó Dónaill agus caint le Máire Ní Chochláinn, Uachtarán Bhord Na Contae, CLG Dhún na nGall agus le Mark Harte, iar imreoir contae le Tír Eoghain.

Duration:00:13:42

Ask host to enable sharing for playback control

Uachtarán Chumann Cógaiseoirí na hÉireann, Tom Ó Muirí.

5/12/2025
Bhí Cruinniú Cinn Bliana Chumann Cógaiseoirí na hÉireann, an IPU ar siúl I gCill Chainnigh ag an deireadh seachtaine. Dúradh go bhfuil fadhbanna ag trí cheathrú de chógaslann na tíre maidir le roinnt cógaisí a bheith gann.

Duration:00:07:21

Ask host to enable sharing for playback control

Easpag Dheoise Dhoire, Donal Mc Keown.

5/12/2025
Bádh beirt déagóir nuair a chuaigh siad isteach san fharraige ag iarraidh liathróid lena raibh siad ag imirt léi a fháil ar ais tráthnóna Dé Sathairn I gceant Bhun Crannacha. d’Fhreastal na céadta ar an tseirbhís speisialta ag Aireagal Naomh Muire i mBun Cranncha a bhí faoi stiúir Easpag Dhoire, Donal Mc Keown tráthnóna inné.

Duration:00:05:08

Ask host to enable sharing for playback control

Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Líonra Leitir Ceanainn, Bairbre Uí Chathail.

5/12/2025
Tá an féile ‘An Focal Beo”, atá dírithe ar chúrsaí filíochta, scéalaíochta agus comhrá ar siúl i Leitir Ceanainn faoi láthair. Seo an tríú bliain as a chéile do Líonra Leitir Ceanainn an Fhéile a reáchtáil agus é mar aidhm acu beocht agus spleodar na Gaeilge agus phobal na Gaeilge a léiriú.

Duration:00:05:12

Ask host to enable sharing for playback control

An Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir.

5/12/2025
Beidh an tAire Tithíochta James Brown ar cuairt ar Dhún na nGall inniu. Beidh cruinniú aige le Feidhmeannaigh ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus le toscaireacht ón Chomhairle Contae.

Duration:00:09:29

Ask host to enable sharing for playback control

Maighréad Uí Annluain ó Sheomra na Nuachta.

5/12/2025
Le scéalta móra an lae ón taobh seo tíre.

Duration:00:06:47

Ask host to enable sharing for playback control

Barrscéalta, clár iomlán, 12/05/2025.

5/12/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Aodh Máirtín Ó Fearraigh agus a léiriú ag Damien Ó Dónaill.

Duration:00:54:55

Ask host to enable sharing for playback control

Andy Caomhanach, fear na ríomhairí.

5/7/2025
Mír rialta le Andy faoi chúrsaí teicneolaíochta agus ríomhaireachta.

Duration:00:06:55

Ask host to enable sharing for playback control

Bernard Ó Duibheannaigh léiritheoir an drama “Biseach”.

5/7/2025
Beidh dráma úr ar an ardán i Sciobóil an Phobail in Anagaire oíche hAoine – an dráma “Biseach” á léiriú ag Bernard.

Duration:00:06:39

Ask host to enable sharing for playback control

Cartlann na Céadaoine.

5/7/2025
Inniu ar Chartlann na Céadaoine tá muid ag dul siar go dtí an bhliain 1984 nuair a labhair Maighréad Nic Seáin le Cití Ned Nic Giolla Bhríde faoi phisreoga a bhaineann le Lá Bealtaine agus nósanna eile a bhaineann leis an lá.

Duration:00:08:08

Ask host to enable sharing for playback control

Rónán Ó Dochartaigh bainisteoir cúrsaí Oideas Gael.

5/7/2025
Bíonn ainm Oideas Gael le feiceáil ar fud na cruinne ach bhí sé le feiceáil san iris cáiliúil ‘Vogue’ le gairid.

Duration:00:06:44

Ask host to enable sharing for playback control

Fionnuala Croker as Rann na Feirste atá ag obair le parlaimint na hEorpa.

5/7/2025
Dhéanfar ceiliúradh ar an Aoine seo ar lá na hEorpa. 75 bliain ar aghaidh ón Scheuman Declaration agus deirtear gur seo an tús a bhí le hAontas na hEorpa.

Duration:00:08:12

Ask host to enable sharing for playback control

Laura Nic Grianna, Príomhoide Ghaelscoil Eois i gCluan Eois.

5/7/2025
Tá daltaí agus foireann scoile Ghaelscoil Eois i gCluain Eois ag bogadh isteach i scoil ghalánta úr inniu i ndiaidh tamall fada ag fanacht air.

Duration:00:08:24